Alphonse de Lamartine
File, úrscéalaí, drámadóir agus fear polaitíochta Francach ab ea Alphonse Marie Louis de Prat de Lamartine, nó Alphonse de Lamartine mar is fearr aithne air. Do rugadh é ar an 21ú lá de Dheireadh Fómhair sa mbliain 1790, i Mâcon na Fraince, agus do fuair sé bás ar an 28ú lá d'Fheabhra sa mbliain 1869, i bPáras na Fraince.Tá Alphonse de Lamartine ar dhuine desna scríbhneoirí is cáiliúla dá mbaineann le Rómánsachas na Fraince, agus tá an-cháil i gcónaí ar neart dánta dá chuid, ''Le Lac'' (Gaeilge: ''An Loch''), atá le léamh ina chnuasach filíochta ''Méditations poétiques'' (1820), go háirithe. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1
-
2
-
3
-
4
-
5
-
6
-
7
-
8
-
9
-
10