Maria Sibylla Merian
Ba fheithideolaí, nádúraí agus maisitheoir eolaíochta Gearmánach í Maria Sibylla Merian (2 Aibreán 1647 – 13 Eanáir 1717 ). Bhí sí ar dhuine de na nádúraithe Eorpacha ba luaithe a dhoiciméadaigh breathnuithe faoi fheithidí go díreach. Ba de shliocht chraobh Frankfurt de theaghlach Merian na hEilvéise í Merian.Fuair Merian a cuid oiliúna ealaíne óna leasathair, Jacob Marrel, mac léinn leis an bpéintéir d'ábhar neamhbheo Georg Flegel . D’fhoilsigh Merian a céad leabhar de léaráidí nádúrtha sa bhliain 1675. Thosaigh sí ag bailiú feithidí agus í ina ógánach. Ag aois 13, thóg sí seiriceáin. Sa bhliain 1679, d'fhoilsigh Merian an chéad imleabhar de shraith dhá imleabhar ar bhoilb; an dara himleabhar ina dhiaidh sin sa bhliain 1683 . Bhí 50 pláta i ngach imleabhar a rinne sí greanta agus eitseáilte. Dhoiciméadaigh Merian fianaise ar phróiseas na meiteamorfóise agus ar phlandaí óstacha de 186 speiceas feithidí Eorpacha. In éineacht leis na léaráidí chuir Merian síos ar a saolréanna. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1
-
2Foilsithe / Cruthaithe 1997Rannpháirtithe: “…Merian, Maria Sibylla…”
Gairmuimhir: 4 Artes 1385LEABHAR